Nuacht & Imeachtaí

Fáilte curtha ag an Aire Trádála, Fostaíochta agus Gnó, Pat Breen TD, roimh fhoilsiú na Tuarascála ar Dhul chun Cinn ó Microfinance Ireland

Tacaíonn maoiniú d’iasachtaí micrea-airgeadais le níos mó ná 3,000 post. Tugtar 78% de na hiasachtaí do mhionfhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

01/09/2017

Chuir an tAire Gnó agus Fostaíochta, Pat Breen TD, fáilte inniu roimh fhoilsiú thuarascáil Microfinance Ireland do R2, 2017. Léirítear sa tuarascáil is déanaí gur ceadaíodh beagnach €20m d’iasachtaí go dtí seo faoin gCiste Iasachta do Mhionfhiontair, rud a thacaigh le 3,145 post sna cuideachtaí a fuair na hiasachtaí.

Is é a bhí le rá ag an Aire Breen faoin Tuarascáil:

Is cúis áthais dom go bhfuil Microfinance Ireland fós ag forbairt agus ag fás. Cabhraíonn na hiasachtaí a cheadaíonn sé le mionfhiontair ar fud na tíre. Is gearr go mbeidh Microfinance Ireland cúig bliana ar an bhfód. Cheadaigh sé €19.6m d’iasachtaí go dtí seo, rud a thacaigh le 3,145 post.  

Ba dhíol suntais ar leith í an ráithe seo ó tharla gur bhronn an Coimisiún Eorpach an Cód Eorpach Dea-Iompair ar Microfinance Ireland i gcaitheamh Ráithe 2. Dearbhaíonn sé seo gur soláthraí micrichreidmheasa den scoth é Microfinance Ireland san Eoraip. Tréaslaím an gradam mór le rá seo le Garrett Stokes, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Microfinance Ireland, agus lena fhoireann.

Nóta d’Eagarthóirí

Bhunaigh an Rialtas Ciste Iasachta do Mhionfhiontair in 2012 tríd an Acht um an gCiste Iasachta do Mhionfhiontair, 2012 agus corpraíodh Microfinance Ireland (MFI) i mí Lúnasa 2012 mar fhochuideachta de chuid an Fhorais Airgeadais Shóisialta chun an Ciste a oibriú.

Is é an fáth ar bunaíodh Ciste dá leithéid agus an fáth ar bunaíodh MFI ná go raibh sé ag dul an-dian ar mhionfhiontair go háirithe teacht ar airgead. Bhí na bainc fós ag diúltú iasachtaí sa spás micrea-airgeadais (i.e. iasachtaí suas le €25,000) ag an am sin.

Tá MFI beagnach cúig bliana ar an bhfód agus tá ag éirí go han-mhaith leis. Cé nár éirigh chomh maith leis an gComhlacht agus a bhíothas ag súil leis ag an tús, rud a dtagraítear dó i dTuarascáil um Athbhreithniú ar MFI 2015 arna déanamh ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tá méadú suntasach tagtha ar na leibhéil ghníomhaíochta le dhá bhliain anuas. Go dtí seo, chruthaigh nó chothaigh MFI 3,145 post agus cheadaigh sé beagnach €20m d’iasachtaí. Tugadh 78% de na hiasachtaí do mhionfhiontair taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Is do thionscnóirí mná a tugadh 26% de na hiasachtaí a ceadaíodh.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais: Preasoifig na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta: press.office@djei.ie nó (01) 631-2200